Orgánacha & Nádúrtha Cúram Cnis
lámhdhéanta in Éirinn
Is banbheachaire mhacánta Éireannach í Trish, an tríú glúin dá muintir nó b’fhéidir fiú an séú glúin, a chuaigh leis an gceird seo. An Beachaire Is aoibhinn léi an dúlra agus an nádúr, tacaíonn sí leis an éiceachóras, leis an timpeallacht agus leis an tírdhreach nádúrtha atá againn agus tá a croí istigh i ngach dá mbaineann leis an dúlra.
Trish is amhlaidh go raibh ailléirgí ag cur uirthi agus nach raibh sí in ann teacht ar aon earra a d’fheil dá craiceann féin. D’fhéadfá a mhaíomh gurbh é sin tús an scéil seo, chomh maith leis an dualgas cúraim a bhraith sí a bheith uirthi agus an bhearna a bhí sa mhargadh le haghaidh earraí folláine orgánacha nach raibh aon dochar iontu.
Is é an meon atá againn ná breathnú amach don timpeallacht nádúrtha, don éiceachóras agus dá chéile. Tá ár n-aird dírithe ar ár gcustaiméirí agus ar roghanna orgánacha, nádúrtha a chur os a gcomhair.